réamhrá |
ogham |
aibítir |
tionscadal |
nuacht |
brabhsáil |
cuardach |
leabharliosta |
forbhreathnú |
teicniúil |
teagmháil |
nascanna |
cóipcheart |
Ina fhoirm is luaithe, bhí ceithre ghrúpa de chúig charachtar in aibítir an Ogham, iomlán de sheacht gcarachtar is fiche a léirigh fuaimeanna Ghaeilge na tréimhse (Ogham ortadocsach). Tá idir líne amháin agus cúig líne dronlíneacha nó scóir sna carachtair atá gearrtha ar lárlíne, go ginearálta bíonn siad greanta go hingearach ar imeall nádúrtha na cloiche, agus is é an difríocht atá idir péire de na grúpaí, treo na scór. Téann an tríú grúpa trasna na lárlíne go trasnánach agus is é atá sa cheathrú grúpa idir scór/eang amháin agus cúig scór/eang ar an lárlíne mar seo a leanas:
[n] | ᚅ | Nin | [kw] | ᚊ | Cert | [r] | ᚏ | Ruis | [i] | ᚔ | Idad |
[s] | ᚄ | Sail | [k] | ᚉ | Coll | [st]? | ᚎ | Straif | [e] | ᚓ | Edad |
[w] | ᚃ | Fern | [t] | ᚈ | Tinne | [gw]? | ᚍ | (n)Gétal | [u] | ᚒ | Úr |
[l] | ᚂ | Luis | [d] | ᚇ | Dair | [g] | ᚌ | Gort | [o] | ᚑ | Onn |
[b] | ᚁ | Beithe | [j]? | ᚆ | hÚath | [m] | ᚋ | Muin | [a] | ᚐ | Ailm |
Áirítear an cúigiú grúpa de 'charachtair bhreise' nó forfeda i lámhscríbhinn an traidisiúin ar Ogham. Ach, ní fheictear ach an chéad cheann díobh seo ar inscríbhinní ortadocsacha agus feictear mar dhá scór trasnánacha é ag trasnú a chéile ar an lárlíne mar seo a leanas:
Úsáidtear an carachtar seo le dhá luach: /k/ nó /x/ consanta (K traslitrithe go hiondúil) agus /e/ guthach. Ina úsáid ar an gcéad bhealach, faightear san fhocal foirmle KOI 'anseo' den chuid is mó é (ag comhfhreagairt do HIC IACIT ar inscríbhinní sa Bhreatain).
Tugadh ainm do na carachtair ar fad, focail a raibh brí leo sa teanga, cé nach n-úsáidtear cuid díobh a thuilleadh. Is iad na hainmneacha seo an príomhfhoinse eolais atá againn maidir le príomhluachanna na gcarachtar. Tugann McManus (1991, 3) na foirmeacha seo a leanas, normalaithe chuig Sean-Ghaeilge, ó thraidisiún na lámhscríbhinne:
Beithe, Luis, Fern, Sail, Nin
hÚath, Dair, Tinne, Coll, Cert
Muin, Gort, (n)Gétal, Straif, Ruis
Ailm, Onn, Úr, Edad, Idad
Tugtar aicmi ar na grúpaí (iol. de aicme 'teaghlach, rang, grúpa') i nGaeilge agus tá siad ainmnithe de réir an túscharachtair mar seo: Aicme Beithe, Aicme hÚatha, Aicme Muine agus Aicme Ailme. Go ginearálta, tugtar feda (iol. de fid 'adhmad, crann'), an lárlíne druim 'droim, imeall, cúl' ar na carachtair nó litreacha agus tugtar flesc 'craobhóg' ar scór aonair. Cé gur tugadh ainmneacha crann ar roinnt de charachtair an Ogham, ní ghlactar leis a thuilleadh gur ainmneacha crann a bhí orthu ar fad. Tá an méid seo a leanas tógtha ó liosta ainmneacha litreacha McManus (1991, 36-9; 1988, 127-68):
Tá na teoiricí seo a leanas i measc na dteoiricí éagsúla ar bhunús an Ogham:
Measann go leor scoláirí gur rúnscríobh le haibítir (Laidin de ghnáth) atá in Ogham, seachas aibítir as féin. Tá go leor gnéithe den Ogham, áfach, nach féidir a mhíniú trí ionchódú simplí a dhéanamh ar litreacha teanga eile, cosúil le Laidin. Tá sé dóchúil gur chruthaigh aireagóirí a raibh eolas acu ar ghramadach na Laidine an Ogham in Éirinn chun fuaimeanna Ghaeilge chianach a léiriú. Cé nach bhfuil luach le taifead lámhscríbhinne charachtair Ogham ar go leor bealaí, caithfimid a chur san áireamh go bhfuil traidisiún na lámhscríbhinne rófhada ó thréimhse na n-inscríbhinní Ogham ortadocsacha le bheith iomlán iontaofa. Is féidir a rá, mar shampla, go bhfuil na carachtair H, NG agus Z, fuaimeanna, go bhfios dúinn, nach raibh ann in ionad tosaigh na Gaeilge, 'cosmetic and Latin-based and were chosen on the basis of the contemporary forms of their letter names' (McManus 1991, 33-4). Ar an drochuair, níl dóthain fianaise i dtaobh na litreacha seo le bheith cinnte cé na luachanna bunaidh a bhí leo.