réamhrá |
ogham |
aibítir |
tionscadal |
nuacht |
brabhsáil |
cuardach |
leabharliosta |
forbhreathnú |
teicniúil |
teagmháil |
nascanna |
cóipcheart |
Is é aidhm thionscadal Ogham in 3D scanadh léasair a dhéanamh ar an oiread den cheithre chéad cloch Ogham inmharthana agus is féidir chun na múnlaí 3D seo a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ma chuid de chartlann ildisciplíneach de chlocha Ogham.
Is tionscadal píolótach atá in Ogham in 3D a dtacaíonn Painéal Comhairleach saineolaithe leis, lena n-áirítear an tOllamh Werner Nahm (Stiúrthóir Scoil na Fisice Teoiriciúla ag DIAS), an tOllamh Fergus Kelly (Scoil an Léinn Cheiltigh ag DIAS), Damian McManus (Ollamh le Luath-Ghaeilge ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus údar A Guide to Ogham) agus Fionnbarr Moore (Seandálaí Sinsearach sa tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta, atá freagrach as taifeadadh agus caomhnú clocha Ogham).
Is í an Dr Nora White an Príomhthaighdeoir ar thionscadal Ogham in 3D agus tá Jean-Francois Bucas, Riarthóir Chórais IT ag DIAS, freagrach as dearadh agus forbairt shuíomh gréasáin Ogham in 3D. Chuir an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan maoiniú ar fáil don chéim reatha, ag díriú ar chlocha Ogham faoi chúram an Stáit, faoi mhaoirsiú na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta. I nDeireadh Fómhair 2012, thosaigh obair ar an tionscadal píolótach i gcomhar leis an gClár Fionnachtana ar chuidigh a saineolas gabhála agus múnlaithe go mór leis an tionscadal. Níorbh fhéidir go leor de na múnlaí 3D ba luaithe atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Ogham in 3D a dhéanamh gan chúnamh an Ollaimh Dáibhí Ó Cróinín, an Dr Thierry Daubos agus Sander Westerhout ó thionscadal Protecting the Inscribed Stones of Ireland i nGaillimh.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hArd-Mhúsaem na hÉireann a cheadaigh dúinn rochtain a fháil ar a mbailiúchán de chlocha Ogham agus na múnlaí 3D agus grianghraif de na clocha a thaispeáint. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil chomh maith leis na húinéirí talún éagsúla ar fud na tíre a thug cead dúinn rochtain a fháil ar na clocha Ogham agus iad a scanadh. Ar deireadh, is mór againn an cúnamh flaithiúil a thug an Dr Orla Murphy (Roinn an Bhéarla, UCC) agus Michelle Doran (Roinn na Luath-Ghaeilge, UCC) maidir le digitiú an tionscadail, agus cúnamh Kaaren Moffat (Roinn na Seandálaíochta, UCC) maidir le cúrsaí seandálaíochta.
Is é an córas uimhrithe a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo, an córas in Macalister Corpus Inscriptionum Insularum Celticarum (e.g. CIIC 15. Cluain Mhór). I gcásanna inar thángthas ar chlocha ogham ón Corpus i leith, gheofar an chloch faoi ainm an tsuímh (e.g. Kilgrovan VI agus Kilgrovan VII). Sa rogha chuardach tapa ag barr an leathanaigh, is féidir cuardach a dhéanamh ar chlocha ogham leis an uimhir CIIC nó ainm an tsuímh (e.g. 15 nó Cluain Mhór). I gcásanna ina bhfuil roinnt clocha ogham ar an suíomh amháin (e.g. Baile an tSagairt), taispeánfar liosta na gclocha don suíomh sin.
Marcáiltear inscríbhinní le coinbhinsiúin eagarthóireachta leictreonacha EpiDoc arna bhforbairt ag Tom Elliott agus daoine eile. Cuirtear ponc faoin litir má bhaineann neamhchinnteacht lena léamh. I gcás go gcailltear litreacha, úsáidtear lúibíní cearnacha le poncanna chun an líon litreacha a mheastar a bheith in easnamh a léiriú agus cuirtear litreacha sna lúibíní seo i gcás go bhfuiltear beagnach cinnte.
Is í Nora White a ghlac na grianghraif a úsáidtear ar an suíomh mura luaitear a mhalairt.