réamhrá |
ogham |
aibítir |
tionscadal |
nuacht |
brabhsáil |
cuardach |
leabharliosta |
forbhreathnú |
teicniúil |
teagmháil |
nascanna |
cóipcheart |
Phleanáil agus d’eagraigh Nora White (Ogham in 3D, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath) agus Edel Bhreathnach (An Clár Fionnachtana) Ceardlann Oghaim chun saineolaithe éagsúla as réimsí éagsúla a bhaineann le hogham a bhailiú le chéile chun an luach a bhaineann le scanadh 3D agus múnlú cloch ogham a mheas agus chun an treo ina bhfuil staidéar oghaim ag dul a mheas, lena n-áirítear bailiú faisnéise maidir le hinscríbhinní, na teicníochtaí a úsáidtear agus tírdhreacha an oghaim. Tharla pleananna don cheardlann ag an am céanna le taispeántas ‘Trove’ ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), inar áiríodh deich gcloch ogham ó bhailiúchán Ard-Mhúsaem na hÉireann. D’aontaigh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann leis an gceardlann a reáchtáil an 6 Márta seo caite, ag éascú deis annamh agus cuí chun plé a dhéanamh ar na hinscríbhinní i láthair rogha iontach clocha oghaim. Áiríodh leis na rannpháirtithe ar tugadh cuireadh dóibh, daoine atá bainteach sa tionscadal Ogham in 3D ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, an Clár Fionnachtana agus an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta. Mar aon le rannpháirtithe ó roinnt Ollscoileanna Éireannacha, thaisteal saineolaithe ó Albain, ón mBreatain Bheag agus ón nGearmáin le páirt a ghlacadh. Anuas air sin, d’fhreastail ionadaithe ó earnáil na músaem, ón OPW agus dhá dhealbhóir ghairmiúla ar ann ócáid.
Íoslódáil tuarascáil achoimre ar an gCeardlann ar Ogham
Ar an drochuair, tá deireadh tagtha anois leis an taispeántas iontach ‘Trove’ ag IMMA, inar áiríodh taispeántas de dheich gcinn de bhailiúchán clocha ogham de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann. A bhuíochas do NMI agus IMMA, bhíomar in ann na clocha nárbh fhéidir linn a scanadh cheana a ghabháil de bharr gur bogadh iad don taispeántas. Tá múnlaí 3D de na clocha ogham seo ar fáil anois ar ár suíomh gréasáin (léirshamhluithe nua ar táb 3D agus i bhformáid pdf/obj lena íoslódáil) mar aon le grianghraif, faisnéis faoi na clocha, a n-inscríbhinní agus an t-eolas atá againn faoina scéalta aonair:
Críochnaíodh an obair allamuigh i gcomhair 2014 agus tá suíomhanna, clocha agus inscríbhinní nua digitithe ogham againn anois (lena n-áirítear múnla 3D d’fhormhór na gclocha) ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Mar gheall go bhfuil an obair fós ag leanúint ar aghaidh, tá seans ann go gcuirfear tuilleadh faisnéise le gach taifead amach anseo.
Liosta de thaifid ogham nua:
Tar éis geimhreadh ciúin, tá Ogham in 3D anois ag dul isteach i gcéim III de chlocha oghaim faoi chúram an stáit a dhigitiú, a bhuíochas do mhaoiniú breise i mbliana ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Táimid ag súil le hoibriú leis an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta agus leis an gClár Fionnachtana chun ar a laghad 17 gcloch ogham eile a ghabháil in 2014. Bí ag faire amach don fhoireann an samhradh seo i dTuaisceart Chiarraí, Ros Comáin, Maigh Eo, Cill Chainnigh, Cill Dara, Port Láirge agus Corcaigh!
Beidh úsáid á bhaint againn as teicníochtaí um ghlacadh sonraí 3D malartacha i mbliana tar éis an rath a bhí againn anuraidh le Struchtúr ó Ghluaisne (SfM), a úsáideann grianghrafadóireacht seachas scanadh léasair chun múnlaí 3D a tháirgeadh. Tá gabháil scáileáin thíos de mhúnla 3D de chloch Mhám an Óraigh a gabhadh le SfM.
I nuacht eile, táimid ag obair leis an dealbhóir Séighean Ó Draoi chun anailís a dhéanamh ar theicnící greanta ogham, lena fháil amach cé na huirlisí agus stíleanna éagsúla a d’úsáid na snoíodóirí ogham. Cuirfear an tuairisc chríochnaithe, lena n-áireofar físeán a thaispeánann na bealaí ar greanadh na hinscríbhinní ogham éagsúla, leis an suíomh gréasáin nuair atá sí críochnaithe.
Tá sé i gceist againn chomh maith gnéithe nua eile a chur leis an suíomh gréasáin i mbliana, cosúil le rannóg le cuidiú le leanaí scoile foghlaim faoin ogham ar bhealaí nua agus spraíúla. Má tá aon smaointe nó moltaí agat don suíomh gréasáin nó go deimhin aon fhaisnéis maidir le clocha oghaim aonair, déan teagmháil linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó thurscar. Caithfear JavaScript a chumasú chun é a fheiceáil nó ar .
Thug foireann Ogham in 3D a raibh obair allamuigh ar siúl acu cuairt faoi dhó le dhá mhí anuas ar Leithinis an Daingin. Ar an gcéad turas i mBealtaine, rinneamar scanadh ar Chill Maoilchéadair, Baile Uí Bhaoithín (Cathair na gCat) agus Mám an Óraigh (Cill na gColmán). Ar thuras rathúil eile an tseachtain seo caite, rinneadh scanadh ar Airghleann (ar Chnoc Bhréanainn), Coumeenole (Dún Mór) agus ar an mBaile Riabhach (Teampall Mancháin). De bharr drochaimsire ar mhaidin amháin, rinne an fhoireann scanadh ar chúig chloch oghaim i Músaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh. Tá na clocha oghaim seo á ndigitiú agus á réiteach don suíomh gréasáin faoi láthair agus cuirfear na múnlaí 3D isteach a luaithe is a phróiseáiltear iad. Taispeánadh roinnt den obair allamuigh seo le déanaí i dtuairisc de chuid Nuacht TG4 a rinne Seán Mac an tSíthigh maidir le fionnachtana nua oghaim in Oirthear Chiarraí. Cuireadh Fionnbarr Moore agus Breandán Ó Cíobháin faoi agallamh sa tuairisc maidir leis na clocha oghaim seo.
Sheol an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan TD suíomh gréasáin Ogham in 3D ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath inné. Bhí ionadaithe ón tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta, ón gClár Fionnachtana agus ó Ard-Mhúsaem na hÉireann i láthair, mar aon le acadóirí ó go leor de phríomh-Ollscoileanna na hÉireann. Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Deenihan: “Ní féidir iomarca béime a chur ar an tábhacht a bhaineann le clocha Oghaim mar gurb iad na hinscríbhinní is luaithe atá againn sa Ghaeilge. Téann cuid acu siar chomh fada leis an 4ú Aois AD, agus léiríonn siad cineál séadchomhartha a bhfuil suntasacht idirnáisiúnta agus náisiúnta leo. Léiríonn an tionscadal iontach seo an tábhacht a bhaineann le sinéirgí a fhorbairt le hinstitiúidí. Ní amháin go gcothaíonn an comhoibriú seo dul chun cinn i dtaighde agus go gcuireann sé le feasacht a chur chun cinn ar oidhreacht seandálaíochta shaibhir na tíre, ach breisíonn sé a cosaint chomh maith.” Bhí an seoladh ar nuacht RTÉ agus TG4 tráthnóna inné.
Cliceáil anseo chun físeán RTÉ a amharc
I nuacht eile maidir le hogham, thugamar faoi obair allamuigh arís le déanaí don bhliain seo agus rinneamar scanadh ar 10 gcloch eile faoi chúram an stáit ag Drom Lócháin i gContae Phort Láirge, mar aon le 2 chloch oghaim eile ón dún ceann tíre in aice láimhe ag Cnocán Machan. Tá na clocha ogham nua seo á ndigitiú faoi láthair agus á gcur leis an suíomh gréasáin.
I mí Lúnasa 1012, rinne Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (Scoil an Léinn Cheiltigh) aighneacht chuig an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta (NMS), an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag lorg tacaíochta dá thionscadal Ogham in 3D. Ba é an togra a bhí i gceist scanadh léasair 3D, taighde agus digitiú ar roinnt clocha ogham a dhéanamh ag díriú orthu siúd a sainíodh mar Shéadchomharthaí Náisiúnta. Fuarthas freagra fabhrach ar an aighneacht agus, tar éis plé a dhéanamh, cuireadh acmhainní ar fáil do thionscadal píolótach, faoi mhaoirseacht na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta, a thacódh le dul chun cinn i sármhaitheas taighde agus a chuideodh leis an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta a chláir chosanta agus chaomhnaithe a chur ar aghaidh.
I nDeireadh Fómhair 2012, thosaigh obair ar an tionscadal píolótach i gcomhar leis an gClár Fionnachtana ar chuidigh a saineolas gabhála agus múnlaithe go mór leis an tionscadal. Anuas ar scanadh agus múnlú an 18 gcloch ogham atá suite in áiteanna éagsúla den tír (Ciarraí, Port Láirge, Cill Chainnigh agus Cill Mhantáin), chruthaigh agus réitigh Jean-Francois Bucas (Riarthóir Chórais IT ag DIAS) agus Nora White (Príomhthaighdeoir ar thionscadal Ogham in 3D) an suíomh gréasáin nua seo agus táthar ag súil go seolfar é san earrach.