Ogham in 3D
English | Gaeilge
Téigh chuig inscríbhinn

CIIC 263. Aird Mhór I, Contae Phort Láirge

Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/263._Ardmore_I


© Nora White 2011-12-22
© Nora White 2011-12-22

Uimhir Thaifead na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta: WA040-008005-

Cineál an tSuímh

Eaglasta

Cur síos

Suíomh

Suíomh luatheaglasta (Ard Mór/Uí Seasta – Baile fearainn Ard Ó Séasta). Áirítear le luathghnéithe ag an suíomh seo, aireagal Naomh Déagláin, fothracha eaglaise (Rómhánúil), cloigtheach, agus cloch ogham amháin eile (CIIC 265) fós ar an suíomh taobh istigh de bhallaí na heaglaise agus ceann amháin eile atá anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann (CIIC 264).

Séadchomhartha

'Tá an chloch smiota ar an mbarr, is dócha gurbh iad na saoir a rinne é seo agus an chloch á athrú acu, ach seachas sin tá bail mhaith uirthi'. Glaschloch, 1.27m x 0.28m x 0.30m (tiontaithe ó Macalister 1945, 258).

Téacs

De réir Macalister (1945, 258) tá dhá inscríbhinn 'neamhspleácha in Ogham ar an gcloch: an chéad cheann, ar dhá uillinn (suas-síos), pollta; an dara ceann, ar an tríú uillinn, [suas,] siséalta'. Féachann McManus (1991, 65) air, áfach, mar inscríbhinn amháin.

De réir Macalister (1945, 259) tugtar dóthain spáis 'sa bhearna sa chéad' inscríbhinn idir MAQI agus MUCOI i gcomhair ainm ghearr. Deir sé chomh maith 'gur cailleadh an MU agus C1 de MUCOI. Faoi NETA tá an uillinn spallaithe, ach chaithfeadh sé gur tharla an scoilt roimh an inscríbhinn a ghearradh, mar go leanann an litreoireacht líne an imill'. Níl an I deiridh de MAQI sofheicthe do McManus (1991, 65) ach is féidir rianta éadroma díobh seo a fheiceáil ar an múnla 3D.

Maidir leis an 'dara inscríbhinn' deir Macalister (1945, 259-60) nach 'bhfuil aon rud fágtha tar éis an B deiridh: tá scrabhadh doiléir ar an gceathrú uillinn , ach níl siad sách cinnte chun leanúnachas na feartlaoi a thabhairt le fios'.

Tras-scríobh

LUGUDECCAS MAQỊ/.. [MU]/COI NETA-SEGAMONAS/ DOLATI BIGAISGOB...

Aistriúchán

'de Luguid mac .. treibh Nad-Segamon ?'

Tráchtaireacht

  • Is comhfhocal atá san ainm pearsanta LUGUDECCAS de LUG agus DECAS (*dek- 'meas a léiriú') le réamhchoimriú -AS dheireadh (i.e. roimh an 6ú haois. cf. Litriú níos déanaí in 286. Cill Ghruabháin, Port Láirge (LUGUDECA), 4 Cill Mhainín. Maigh Eo (LUGUDEC) agus 108. Cill Chuilinn Theas, Corcaigh (LUGUDUC do -DEC?) [-DECAS > -DECA > -DEC] (McManus 1991, 103, 116). Sa tarlúint seo den ainm, tá sampla againn chomh maith de 'dhúbailt chonsan' gan bhrí dhóchúil le CC seachas C aonair in áiteanna eile (McManus 1991, 124-5).

  • Is é atá in ainm na treibhe nó an tsleachta gan aithint NETA-SEGAMONAS (cf. in aice láimhe 300. an tOileán, Port Láirge agus b'fhéidir 292. chomh maith An Cnoc Buí, Port Láirge) an ghné Nad- 'mac deirféar, seaimpín' agus ainm pearsanta Segamon (McManus 1991, 109-10, 112). Teoiric amháin is ea gurb é seo an t-ainm Gallach Segomo (McManus 1991, 179 n. 46.)

  • Tá a léirmhíniú ar an inscríbhinn seo go bhfuil comhionann vici episcopus (BIGA ISGOB) ann 'an-amhrasach' (McManus 1991, 61).

Láithreacha

Aimsithe

Tógtha i mballa E Aireagal Naomh Déagláin (Fitzgerald 1855, 230) ag suíomh luath-eaglasta Aird Mhór, baile fearainn Ard Ó Séasta agus barúntacht na nDéise sa Drom.(Comhordanáidí GPS -7.725680, 51.948752 )

Bhunaidh

Anaithnid

Taifead Deiridh

Ar an suíomh ag Aird Mhór i nideog shaingeal na heaglaise. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -7.725916, 51.948800)

Stair an Taifeadta

Arna nótáil don chéad uair i 1855 gur aimsigh an tUasal Windele é (Fitzgerald 1855, 230).

Tagairtí

Suíomhanna Gréasáin agus Bunachair Shonraí ar Líne

Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn

Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie

Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/

Creative Commons License | Nuashonrú Deireanach: 2023-07-30