Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D Textured PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/187._Kilmalkedar
Níl aon dabht ach go ndéanann an inscríbhinn ' seo comóradh ar chléireach... Tá comhshonruithe Críostaí cinnte ag baint le Máel agus is searbhónta nó cliaint is ciall leis' (Moore 2010, 15).
Léiríonn an chéad charachtar forlíontach (nó forfid) an E lena luach guthach /e/, seachas a luach consanta /k/ nó /x/, a thraslitrítear go hiondúil le K. Leis an úsáid guthach seo, 'is iondúil go bhfeictear gnéithe teangeolaíocha níos minice'. Tá 'comhghaol freisin leis an úsáid seo agus úsáid foirmle ANM, a thugann dáta deireanach' le fios chomh maith (McManus 1991, 79; Swift 1997, 83-90).
Gnéithe deireanach eile (deireadh na séú haoise nó luath sa seachtú haois) den inscríbhinn ogham seo is ea MACI, le -I bréige a léiríonn 'buanseasmhacht an choinbhinsiúin ortagrafach den I deiridh a scríobh san fhocal foirmle' seo, agus IN*BIR sioncóipithe (McManus 1991, 80, 81, 90, 96). Rud atá suimiúil, má ghlacaimid leis na litreacha atá fágtha den inscríbhinn níos luaithe mar M agus Q, d’fhéadfadh samplaí a bheith againn den litriú níos luaithe (MAQI) agus níos déanaí (MACI) ar chloch ogham amháin.