Ogham in 3D
English | Gaeilge
Téigh chuig inscríbhinn

CIIC 158. Baile an tSagairt IV, Contae Chiarraí

Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ


© COPYRIGHT, 2009 2013-07-18
© Nora White 2012-11-22

Uimhir Thaifead na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta: KE053-033008-

Cineál an tSuímh

Eaglasta

Cur síos

Suíomh

Suíomh séipéil agus reilige (An CheallúnachAn Lisín). 'Tá an t-imfhálú ciorclach seo ar bharr chnocáin atá íseal ach feiceálach idir Cuan an Daingin agus Béal Trá Bige. Taispeántar suíomh séipéil taobh istigh den imfhálú ar léarscáileanna na SO, ach níl aon eolas eile ar fáil faoi seo, agus níl aon rian sofheicthe ann níos mó. Bhí leanaí fós á gcur sa reilig i lár an 19ú haois' (Cuppage et al 1986, 264). Níl san imfhálú cloiche reatha, a bhfuil trastomhas timpeall 30m aige, 'ach cuid den suíomh bunaidh agus thóg tiarna talún é am éigin roimh 1847' (Devane 2001, 372). Thaifead Macalister (1945, 151-7) naoi gcloch ogham a bailíodh le chéile ag an suíomh. Tá na bolláin seo, 'sorcóireach nó ubhchruthach' den chuid is mó ar rollaigh uisce iad, cosúil le clocha a aimsíodh 'timpeall 6 mhíle uaidh' ag duirling stoirme na Mine Airde. Tá ocht de na naoi gcloch anois socraithe i gciorcal san imfhálú cloiche agus an naoú ceann sa lár. Seachas na clocha ogham, is é atá taobh istigh anois, 'meascán de chairn ísle agus de mharcóirí uaigheanna ingearacha' (Cuppage et al 1986, 264). Aimsíodh an deichiú cloch ogham sna 1980idí ach ní fheictear ach 24cm os cionn talún (Devane 2001, 369).

Séadchomhartha

Gaineamhchloch, 0.56m x 0.36m x 0.13m (tiontaithe ó Macalister 1945, 153)

Téacs

'Inscríbhinn pollta ar an dá thaobh (suas-barr-síos). Bail réasúnta maith air. Tá an dara Q briste agus deacair le feiceáil' (Macalister 1945, 153). 'Tá an dá scór deiridh de Q agus an chéad cheithre cinn de I briste ach deimhnítear go raibh siad ann trí chur síos níos luaithe' (Cuppage et al 1986, 265).

Tras-scríobh

SUVALLOS MAQ/Q̣Ị DU/COVAROS

Aistriúchán

Tráchtaireacht

  • Seo ceann de na hinscríbhinní liostaithe ag McManus (1991, 93-4) le bheith i measc an chorpais is luaithe gan aon rian de thionchar guta. Is féidir é a dhátú go dtí an chéad leath, nó go luath sa dara leath, den chúigiú haois (McManus 1991, 97).

  • Go bhfios dúinn, níl na hainmneacha pearsanta atá san inscríbhinn seo dearbhaithe in aon áit eile. B'fhéidir go bhfuil na réimíreanna so-/su- 'dea' agus do-/du- 'droch' iontu (McManus 1991, 105).

Láithreacha

Aimsithe

Aimsíodh an chloch seo ina luí ar dhingeán in aice le díog, díog an imfhálaithe is dócha (Cuppage et al 1986, 265) i mbaile fearainn Bhaile an tSagairt agus barúntacht Chorca Dhuibhne. (Comhordanáidí GPS -10.243303,52.127798)

Bhunaidh

Anaithnid

Taifead Deiridh

Ar an suíomh taobh istigh den imfhálú. Is féidir rochtain a fháil ar shuíomh reatha na cloiche trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie.

Stair an Taifeadta

luadh ar dtús é, 1804 Vallancey (Macalister 1945, 151).

Tagairtí

Suíomhanna Gréasáin agus Bunachair Shonraí ar Líne

Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn

Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie

Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/

Creative Commons License | Nuashonrú Deireanach: 2019-06-14