Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/170._Ballymorereagh
Eaglasta
Suíomh luatheaglasta Theampall Mhancháin, ar a dtugtar Teampall Geal chomh maith, 'óna bhfuil radharc iontach trasna ar Chuan an Daingin. Is é atá sna fothracha aireagal de chloch shingil (chomh hard le 2.75m in áiteanna), bunchloch roinnt bothán de chloch shingil, reilig agus fothracha imfhálú fochiorclach. Tá roinnt bollán le hinscríbhinní croise agus leaca beaga ina seasamh sa reilig agus os comhair an aireagail tá colún mór le hogham air.' (Okasha and Forsyth 2001, 138).
1.68m x 0.46m x 0.28m (Tiontaithe ó Macalister 1945, 163).
'Tá cros le géaga cothroma, ag síneadh go minic, gearrtha ar an aghaidh, ar thaobh deas den inscríbhinn, agus tá cros eile, le píosaí deiridh fairsingíocha ... greanta ar dhromchla na haghaidhe eile... Tá marc greanta i líne cothreomhar leis an ogham i leath-cheannlitreacha déanta go garbh. Is é atá scríofa ann, FECT QUENILOC agus focal eile ina dhiaidh sin nach féidir a léamh' (Macalister 1945, 163-4). Feiceann Macalister na crosa ar an gcloch seo, cosúil le crosa eile mar iarracht níos déanaí ar Chríostú, ach feic McManus (1991, 54-61) chun frithargóint bhailí a fháil ar an teoiric seo.
Suas. 'Tá an barr briste agus réabtha... A mhéid agus is féidir a fheiceáil tá an inscríbhinn an-soiléir, cé go bhfuil damáiste déanta do roinnt de na gutaí' (Macalister 1945, 163).
QENN- (OI cenn 'ceann'): ... QENILOCI (Cellach) (McManus 1991, 103).
Tá sé an-éasca an t-ainm MAQI-AINIA a cheangal leis an mbandia Áine ach, mar a deir McManus (1991, 109, 115, 179 n. 47) más ea, 'caithfidh gur botún atá in AI in ionad A mar nach bhfuil an défhoghar sa chéad siolla ai ' agus ní scríobhtar caolú in ogham.
Molann coinneáil an -I in QENILOCI mar aon le caillteanas an -S in MAQI-AINIA go dtagann an inscríbhinn seo ó chéad leath na séú haoise (McManus 1991, 95, 97).
Aimsíodh an chloch ag suíomh luatheaglasta Theampall Geall i mbaile fearainn an Bhaile Riabhaigh agus barúntacht Chorca Dhuibhne. (Comhordanáidí GPS -10.331399, 52.154449)
Ní fios ach seans gurb é an láthair a bhfuarthas é an bunláthair
Os comhair an aireagail ag Teampall Geal, slánaithe laistigh de chlaí miotail agus ina sheasamh ar ardán coincréite amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie.
Luann Macalister (1945, 163) gurbh é Petrie (1845, 136) an chéad taifeadadh ar an gcloch.
Tá an obair seo ceadúnaithe faoi cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/