Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/172._Ballywiheen
Caiseal (uaimh thalún féideartha)
Caiseal beag ciorclach le taobh istigh ardaithe, ar a dtugtar Cathair na gCat. Tá fothracha dhá bhothán taobh istigh, uaimh thalún féideartha agus cloch ogham. (Cuppage 1986, 194-5). Ní fiú dada é, agus an líon clocha ogham a bhaineann le suíomhanna séipéil a chur san áireamh, go bhfuil lonnaíocht luath-Chríostaíochta i ngar de, ar a dtugtar Raingiléis.
1.92m x 0.46m x 0.16m (Moore, tráchtas MA neamhfhoilsithe Macalister 1945, 165)
'Briseadh an chloch i 3 phíosa sna 1880idí agus cailleadh píosa amháin' (Cuppage 1986, 194) agus na trí litir dheiridh leis (-TOS).
Seachas an trí litir dheiridh a cailleadh, 'tá an inscríbhinn foirfe' (Macalister 1945, 165). Nuair a d'fhéach Fionnbarr Moore ar an inscríbhinn nuair a scanadh é, b'fhacthas dó go raibh an túslitir T lag ach soléite. Tá an M san MAQI ag pointe an bhriste sa chloch ach tá an leath íochtair den M, i dtreo chúl na cloiche, soiléir. Bhain spalla an leath uachtair. Tá SAGARRET soiléir.
San inscríbhinn seo, is cosúil go bhfuil sampla againn de 'scór aonair a chur isteach...go mícheart,' agus SAGARETTOS in ionad SAGRETTOS (Sáraid?) (McManus 1991, 7, 108).
De réir McManus (1991, 84) rinneadh an t-ainm TOGITTACC as an bhfocal ar 'ádh' le hiarmhír aidiachtúil -ākos. Seans go léiríonn an litriú ar TOGITTACC (cé go bhfuiltear ag súil le TOGETTACC[I]) titim le chéile /e/ agus /i/ neamhaiceanta roimh mheánchoimriú (McManus 1991, 82, 118).
Is féidir an inscríbhinn se a dhátú chuig an gcéad leath den séú haois bunaithe ar chaomhnú an -OS (cé go bhfuil sé caillte anois) in SAGARETTOS agus caillteanas -I in TOGITTACC (McManus 1991, 94, 97).
Dar le Hitchcock (1856, 439-41; Macalister 1945, 165), aimsíodh ina suí í in aice le Cathair na gCat agus chuir an té a d'aimsigh í isteach sa chaiseal í chun í 'a chosaint'. Dar le Curran (comhad OPW), aimsíodh í agus í ag feidhmiú mar lindéar isteach chuig an uaimh thalún sa chaiseal. Bhí sé den tuairim gur tógadh an chloch ogham ó reilig ársa in aice láimhe ar a dtugtar an Raingiléis. I 1887, luaigh Ferguson gur aimsíodh an chloch sa chillín in aice láimhe (Cuppage 1986, 194-5). Baile fearainn Bhaile an Bhoithín agus barúntacht Chorca Dhuibhne.
Anaithnid
Ina luí ar bharr Chathair na gCat in dhá chuid amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -10.407534, 52.156204)
Aimsithe ag an Rev. J. Goodman i 1855 (Macalister 1945, 165).
Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/