Ogham in 3D
English | Gaeilge
Téigh chuig inscríbhinn

Cnocán Machan I, Contae Phort Láirge

Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D Textured PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/Knockmahon_I


© COPYRIGHT, 2009 2013-04-25

© COPYRIGHT, 2009 2013-04-25

Uimhir Thaifead na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta: WA025-128001-

Cineál an tSuímh

Dún ceann tíre

Cur síos

Suíomh

Dún ceann tíre beag le bruach aonair agus díog. 'Ag leanúint ón gceann tíre agus scoite uaidh agus óna chéile le cainéil chúnga, tá dhá oileán bheaga le féar ar a mbarr nó staiceanna marcáilte mar 'Gully's Island' ar an léarscáil. Seans go raibh siad seo mar chuid de thaobh istigh den lios ach gur scair an fharraige iad...Níl an limistéar taobh istigh den bhruach faoi láthair ach 20m ar fhad ach má bhí an dá oileán mar chuid den taobh istigh uair amháin, bheadh sé ar a laghad 90m' (Manning 1989, 7).

Séadchomhartha

'Tá sé pointeáilte ag an dá dheireadh agus cruth muileata garbh air. Níl an inscríbhinn gearrtha ach ar an dá thrian uachtarach den chloch, is dócha go raibh an chuid eile faoin talamh nuair a bhí an chloch ina seasamh mar philéar'. 'Tá cuid bheag de bharr na cloiche in easnamh, a fhágann nach bhfuil an inscríbhinn ar fad ann'. 1.20m x 0.30m x 0.24m (Manning 1989, 9).

Téacs

Suas síos.'Ní dhearnadh aon damáiste le buillí an ogham, gearradh go soiléir sa chloch iad. Is é an chéad fhocal iomlán SENAQ. Tosaíonn an dara focal leis na litreacha MAC (nó Q), agus ina dhiaidh sin tá barr na cloiche ar iarraidh. Is é an chéad litir tar éis na coda atá in easnamh Q, ach, de bharr go bhfuil damáiste leis an gcéad bhuille, seans gur C atá ann. Ina dhiaidh sin tá cuid a bhfuil damáiste déanta de, 0.35m ar fhad, ar cosúil go raibh buillí guta amháin ann, a bhfuil roinnt díobh soiléir. Is iad an dá litir dheiridh NA. Is í an inscríbhinn le bearnaí agus neamhchinnteachtaí dá bhrí sin: SENAQ MAC (nó Q)......Q (nó C) 2--3 ghuta NA. De bhrí nach bhféadfaí níos mó ná sé go naoi mbuille a bheith ar an bpíosa den chloch atá in easnamh, is é is dóchúla a bhí san inscríbhinn: SENAQ MAQ(I MU)C(OI E)NA (SENAQ sliochtach ENA). De bharr nach bhfuil sa bhearna deiridh ach gutaí is léir gur foirm éigin de Enna nó Enda atá san fhocal deiridh, is cuma cén chaoi a chuirtear le chéile é'. (Manning 1989, 9).

Tras-scríobh

SENAQ̣ MAQ̣Ị/ [MU]C̣O[I] ẸNA

Aistriúchán

'de Senach mac shliochtach Ena'

Tráchtaireacht

Láithreacha

Aimsithe

ina luí sa díog den dún ceann tíre in aghaidh chlaí na páirce ar an taobh thoir (Manning 1989, 7) i mbaile fearainn de Chnocán Machan agus barúntacht na nDéise lasmuigh den Drom. Is féidir teacht ar láthair aimsithe na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (GPS: -7.354360, 52.137783)

Bunaidh

Anaithnid

Taifead Deiridh

Ar taispeáint le Cnocán Machan II ag Geopark Bhun Machan, timpeall 600m ó dhún ceann tíre Chnocán Machan. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -7.362347, 52.140285)

Stair an Taifeadta

Fionnadh é le linn pleanáil turais de chuid an Chumainn Seandálaíochta, an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath i 1974 (Manning 1989, 7).

Tagairtí

Suíomhanna Gréasáin agus Bunachair Shonraí ar Líne

Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn

Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie

Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/

Creative Commons License | Nuashonrú Deireanach: 2023-07-30