Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/178._Coumeenole
Dún ceann tíre
Dún ceann tíre 'an Dúin Mhóir'. 'Síneann an ceann tíre seo, a ardaíonn 328 troigh/100m Siar i mBealach an Bhlascaoid ag ceann Iarthair Leithinis an Daingin. Ritheann bruach agus clais sheachtrach, le bruach seachtrach íseal Thuaidh-Theas trasna an chinn tíre ar feadh timpeall 500m... achar timpeall 80 acra imfhálaithe ag na cosaintí' (Cuppage 1986, 89). Seasann an chloch ogham (ag claonadh le taobh amháin) ar an mbarr. Cuireadh (Macalister 1899, 279-80) ar an eolas gur aimsíodh uaimh thalún, ina raibh cnámha agus cros cloiche le hinscríbhinn uirthi, ar an gceann tíre tráth.
Grit (Macalister 1945, 163), 2.00m x 0.45m x 0.30m .
Suas-suas. 'Scóir greannta agus cuimilte, agus cé go bhfuil siad caite, tá siad inléite' (Macalister 1945, 171). De réir Cuppage (1986, 90), 'níl an dara focal deiridh, arna thaifeadadh ag Macalister, soiléir anois. Níl an A deiridh sofheicthe ach oiread'. Aontaíonn McManus (1991, 56-7) maidir le MU ach bhí deacracht aige leis an N, seachas an A deiridh de DOVINIA. Ní raibh sé cinnte ach oiread maidir leis an S deiridh de MAQI-ERCIAS.
Tugtar le fios i gcaomhnú an -S in MAQI-ERCIAS.i gcomhar lena chaillteanas in DOVINIA agus caillteanas -I in ERC gur ón gcéad leath den séú haois a thagann an t-inscríbhinn (McManus 1991, 95, 97).
MAQ(Q)I- (tagtha as MAQQAS), a bhfuil brí 'móidín ag an gcéad ghné' nó rud éigin mar sin, seachas 'mac', agus Erc? (ainm naofa) 'neamh' nó 'bó'? (McManus 1991, 107, 108-9).
cp. 125. Rooves More II, Corcaigh (MAQI-ERCIAS MAQI VALAMNI); 169. An Baile Íochtarach, Ciarraí (MAQI-LIAG MAQI-ERCA); 175. Burnham Thiar, Ciarraí (MAQI-ERCCIA MAQQI MUCOI DOVINIA); 205. Doire Garbh, Ciarraí (S ... BNAG M[AQQ]I-RC̣IA ); 262. Suí Mochuda, Port Láirge (ERCAGNI MAQ[I-ERCIAS]).
Aimsíodh gach ceann seachas ceann amháin de na hinscríbhinní ar a raibh an t-ainm treibhe DOVINIAS ('ó Duibne') ar leithinis an Daingin, i mbarúntacht Chorca Dhuibhne (Corcu Duibne), a fuair a ainm ón treibh nó ón sliocht sin (McManus 1991, 111).
ina luí béal faoi ar bharr dúin ar a dtugtar Ceann Dhúin Mhóir (Macalister 1945, 170) i mbaile fearainn Chom Dhíneol agus barúntacht Chorca Dhuibhne.
Ní fios ach seans gurb é an láthair a bhfuarthas é an bunláthair
Ag ní i ngar don suíomh aimsithe ar dhún ceann tíre Dhúin Mhóir amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -10.47232, 52.110703/>)
'aimsithe ag ársaíochtaí Chorcaí Windele, Abell, agus Horgan, i 1838; agus athchurtha suas an bhliain dar gcionn ag an sagart áitiúil, Rev. J. Casey' (Macalister 1945, 170).
Tá an obair seo ceadúnaithe faoi cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/