Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D Textured PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/275._Drumlohan_IV
Uaimh thalún/Suíomh eaglasta
Uaimh thalún aimsithe nuair a baineadh bruach seachtrach thiar-thuaidh de shuíomh luatheaglasta. Úsáideadh deich gcloch ogham i dtógáil an tseomra dronuilleogaigh (Moore 1999, 151, 172-3) – cúig cinn mar lindéir, atá bainte anois agus curtha ina seasamh in aice leis an uaimh thalún, agus cúig cinn mar chlocha líneála do na taobhanna, atá fós ina n-áit.
'Am séú lindéar'. Glaschloch, 1.49m x 0.34m x 0.17m (tiontaithe ó Macalister 1945, 271).
'Inscríbhinn ar thrí uillinn (suas-síos-suas), agus i ndea-bhail, seachas go bhfuil scoilt ar bharr na cloiche, a thug leis lár an tríú focal... Tar éis an N, blocáladh scór B a rinneadh de bhotún: ní raibh sé doimhnithe, agus gearradh an A os a chionn. Tá an chéad A de.. SALAR briste, agus tá an spás idir na scóir den L in CELI calógach. Dá mbeadh a leithéid d'ainm agus Crisalar ann, líonfadh sé an spás folamh i gceart, ach ní é seo an réiteach molta – níl ann ach léiriú ar fhad an fhocail damáistithe ' (Macalister 1945, 271-2).
Tá an ghné choitianta CUNA- 'madra, cú' san ainm pearsanta CUNALEGEA (McManus 1991, 102).
Sampla annamh as Éirinn den choinbhinsiún Laidine de QV a scríobh do Q in ainmneacha Gaeilge san aibítir Laidine: QVECI = QECI? cp. MAQVI do MAQI (McManus 1991, 126)
Níl anseo ach sampla amháin a bhfuil eolas air den seicheamh X MAQQI Y CELI AVI Z (McManus 1991, 171 n17)
Aimsithe gur úsáideadh mar séú lindéar d'uaimh thalún é (Macalister 1945, 271) i mbaile fearainn de Dhrom Lócháin agus barúntacht na nDéise lasmuigh den Drom.
Anaithnid
Tógtha in aice le huaimh thalún ag suíomh Dhrom Lócháin. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -7.464478,52.163186)
Aimsithe i 1867 ach níor léadh na hinscríbhinní ogham ina n-iomláine go dtí gur baineadh an uaimh thalún ó chéile i 1936 (Macalister 1945, 267).
Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/