Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D Textured PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/278._Drumlohan_VII
Uaimh thalún/Suíomh eaglasta
Uaimh thalún aimsithe nuair a baineadh bruach seachtrach thiar-thuaidh de shuíomh luatheaglasta. Úsáideadh deich gcloch ogham i dtógáil an tseomra dronuilleogaigh (Moore 1999, 151, 172-3) – cúig cinn mar lindéir, atá bainte anois agus curtha ina seasamh in aice leis an uaimh thalún, agus cúig cinn mar chlocha líneála do na taobhanna, atá fós ina n-áit.
'An tríú chloch líneála ar an taobh oirthir'. Glaschloch, 1.24m x 0.27m x 0.22m (tiontaithe ó Macalister 1945, 274).
'Inscríbhinn siséalta ar dhá uillinn (suas-síos). Tá an tús briste: chaithfeadh sé go raibh ainm gearr ann, le consain H amháin ann. Tá barr na cloiche imithe chomh maith, agus leis tá lár an dara ainm..léiríonn scór amháin den litir anseo gur T a bhí ann. ' (Macalister 1945, 274).
'Tá ainm Phort Láirge Neta-Segamonas fágtha ar lár, mar go mbeadh MUCOI roimhe' (Macalister 1945, 274).
Athúsáidte mar thríú cloch líneála ar thaobh oirthir na huaimhe talún (Macalister 1945, 274) i mbaile fearainn de Dhrom Lócháin agus barúntacht na nDéise lasmuigh den Drom.
Anaithnid
Fós taobh istigh de shuíomh na huaimhe talún ag suíomh Dhrom Lócháin. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -7.464478,52.163186)
Aimsithe i 1867 ach níor léadh na hinscríbhinní ogham ina n-iomláine go dtí gur baineadh an uaimh thalún ó chéile i 1936 (Macalister 1945, 267).
Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/