Ogham in 3D
English | Gaeilge
Téigh chuig inscríbhinn

CIIC 66. Fánchoill agus Na Coillte, Contae Chorcaí

Íoslódáil Epidoc


© COPYRIGHT, 2009 2013-08-08

© COPYRIGHT, 2009 2013-08-08

Uimhir Thaifead na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta: CO102-013----

Cineál an tSuímh

Gallán

Cur síos

Suíomh

'Lomán ag féachaint amach ar Chuan Bhéal an Churraigh Bháin i dtreo an Iarthair' (Power 1992, 124). Is dócha gur gallán réamhstairiúil atá anseo ar snoíodh inscríbhinn ogham air (Macalister 1945, 71).

Séadchomhartha

4.70m x 1.02m x 0.32m (Tabhair faoi deara: Dar le tiontú Macalister tá H 5.36 m os cionn na talún). Éiríonn an chloch níos caoile i dtreo an bhairr agus tacaíonn coincréit leis an mbun anois. Tá an inscríbhinn Ogham ar an uillinn Iarthuaiscirt (Power 1992, 124).

Tabhair faoi deara: tá roinnt clocha ogham níos deacra le gabháil ná clocha eile de bharr a méid, uigeacht an dromchla (e.g. léicean), coinníollacha oibre le linn obair pháirce, etc. Tá obair fós ar siúl ar an múnla 3D is fearr agus is féidir ar an gcloch ogham seo. Beidh múnla 3D ar fáil a luaithe agus is féidir.

Téacs

Inscríofa ar uillinn amháin, suas. I dtreo dheireadh an tsloinne (timpeall 10 dtroigh os cionn an talamh) cuarann roinnt de na scóir ar dheis ón uillinn ar nós go raibh deacracht ag an ngreanadóir dul sách ard leis an inscríbhinn a chríochnú (Macalister 1945, 71).

Tras-scríobh

MAQI-DECCEDDAS AVI TURANIAS

Aistriúchán

'de Mac-Deichet Uí Thorna'

Tráchtaireacht

  • Tá athrú go leor i litriú an ainm MAQI-DECCEDDAS ach is é seo an t-aon sampla marthanach ina bhfuil an consain deireadh fós ann agus is féidir é a dhátú chuig céad leath, nó go luath sa dara leath, den chúigiú haois (McManus 1991, 93, 97). cp. CIIC 20. Baile Choilbín II, Cill Dara (MAQI-DDEC[CEDA] MAQI MARIN), 159. Baile an tSagairt, Ciarraí (MAQI-DECCeDA MAqi GLASICONAS), 184. Gort na gCuileannach, Ciarraí (MAQQI-DECEDDA MAQQI CATUVIR), 203. Cúil Má Ghort, Ciarraí (MAQI-DECEDA MAq[  ̣  ̣ ?   ̣  ̣]).

  • D’fhéadfadh an t-ainm treibhe/clainne TURANIAS tagairt do Uí Thorna 'a d’fhéadfadh a bheith ar an ngrúpa ceannasach bunaidh i measc Cíarraige, [agus a] bhí i seilbh ar an gcríoch idir Slíab Lúachra agus an fharraige', cé go bhfuil an chloch seo i mbarúntacht Bhéarra i gContae Chorcaí (McManus 1991, 112).

Láithreacha

Aimsithe

Ag an suíomh reatha i mbaile fearainn Fhánchoill agus Na Coillte, barúntacht Bhéarra.

Láthair bhunaidh

Tá sé beagnach deimhneach gurb é an láthair reatha an láthair bhunaidh.

Taifead deireanach

Sa suíomh inar aimsíodh é ag Fánchoill agus Na Coillte. Is féidir láthair reatha na cloiche seo a rochtain trí Amharcóir léarscáil na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -9.944582, 51.712874)

Stair an Taifeadta

Foilsithe don chéad uair ag Brash 1874 (Macalister 1945, 70).

Tagairtí

Suíomhanna Gréasáin agus Bunachair Shonraí ar Líne

Tá an obair seo ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn

Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie

Má athúsáidtear nó má dháiltear an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/

Creative Commons License | Nuashonrú Deireanach: 2021-02-05