Ogham in 3D
English | Gaeilge
Téigh chuig inscríbhinn

CIIC 57. Plácas I, Contae Chorcaí

Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ


© COPYRIGHT, 2009 2013-08-07

© COPYRIGHT, 2009 2013-08-07

Uimhir Thaifead na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta: CO042-049002-

Cineál an tSuímh

Neamhbhainteach

Cur síos

Suíomh

'I bhféarach, le radharc fairsing i dtreo an D' (Power 1992, 168). Tá an dara cloch Ogham (Plácas II) timpeall 40m ó Thuaidh ar an taobh eile de chlaí na páirce. Rinneadh tochailt ar an láthair timpeall ar an dá chloch i 1985 'chun suiteáil grátaí eallaigh a éascú' agus ní bhfuarthas aon ní suntasach. Ach 'd’fhéadfadh sé go mbaineann na teorainneacha thoir agus theas den pháirc anseo le imfhálú ubhchruthach ársa' (Manning 2000, 107, 112).

Séadchomhartha

2.60m x 0.72m x 0.35m (Manning 2000, 109). Barrchaolaíonn an chloch ogham mhór seo agus tá sé ag claonadh i dtreo an Oirthir. Tá grátaí eallaigh mórthimpeall uirthi agus í clúdaithe go trom ag léicean in áiteanna.

Téacs

Inscríofa ar an uillinn Oirdheiscirt, suas. 'Inscríbhinn síonchaite agus aghloite ag eallaigh á chuimilt agus scóir chloch líofa' (Power 1992, 168). Tá na ‘scóir chloch líofa‘ seo, nó gearrthacha fada caola sa chloch cosúil leo siúd atá ar CIIC 19. Baile Choilbín I, Contae Chill Dara agus CIIC 35. An Tulaigh Thirim, Contae Chill Chainnigh (féach Newman 2009, 433-4).

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar shonraí 3D, tá roinnt de na scóir agus eangaí caillte anois (MA as MAQI) nó míshoiléir (I as MAQI, R agus U as TRENU) mar gheall ar chaitheamh, léicean agus damáiste. Ní féidir bheith cinnte faoin nguta deireanach is ceart a bheith ann i TRENU Macalister mar go bhfuil na heangaí an-chaite. Is féidir péire a dhéanamh amach ar éigin ar an múnla 3D (a litreodh O) ach bheadh spás ann do thrí cinn (a litreodh U).

Tras-scríobh

TṚGAỤ [MA]QỊ MUCOI QRITTI

Aistriúchán

'de Trén/Trian mac le sliocht Creth? (Crothrige?)'

Tráchtaireacht

  • Bheifí ag súil le ginideach de TRENI (OI o-fréamh Trén) anseo, mar atá in MAQI-TRENI (CIIC 86. Baile an Chnoic V agus sa Bhreatain Bheag: 341. Llywell agus 428. Cillgerran). Ach tugann McManus (1991, 179, nóta 35) le fios go ndéanann 'MacNeill (1909, 361) comparáid idir ginideach MS Tréno, Tréna agus molann sé TRENO a léamh, rud is féidir a dhéanamh'. De bharr gur coinníodh an -I in QRITTI meastar go mbaineann an inscríbhinn seo leis an gcéad leath den séú haois.

  • cp. CIIC 146. Baile an Éanaigh, Contae Chiarraí: LỤGỤQṚỊT MAQ̣Ị QRITTỊ. Ina theannta sin, 68. Cill Cháscann, Corcaigh (LUGUQRIT [ ... ] LONAS); ?207. Kilcoolaght II, Ciarraí ( [ ... ]]ECC MAQI L[UGUQ]RRIT).

  • Scornúlach liopach /kw/ caomhnaithe in QRITTI, gaolta le cruth 'foirm' (McManus 1991, 121).

Láithreacha

Aimsithe

i bpáirc ag Plácas baile fearainn, barúntacht Bharóideach.

Láthair bhunaidh

Is dócha go bhfuil sé fós ina láthair bhunaidh

Taifead deireanach

Ar an suíomh inar aimsíodh é ag Plácas. Is féidir láthair reatha na cloiche seo a rochtain trí Amharcóir léarscáil na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -8.606844, 52.077595)

Stair an Taifeadta

Luaite don chéad uair ag Brash 1879 (Macalister 1945, 62).

Tagairtí

Suíomhanna Gréasáin agus Bunachair Shonraí ar Líne

Tá an obair seo ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn

Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie

Má athúsáidtear nó má dháiltear an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/

Creative Commons License | Nuashonrú Deireanach: 2020-03-20