Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/265._Ardmore_III
Eaglasta
Suíomh luatheaglasta (Ard Mór/Uí Seasta – Baile fearainn Ard Ó Séasta). Áirítear le luathghnéithe ag an suíomh seo, aireagal Naomh Déagláin, fothracha eaglaise (Rómhánúil), cloigtheach, agus cloch ogham amháin eile (CIIC 263) fós ar an suíomh taobh istigh de bhallaí na heaglaise agus ceann amháin eile atá anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann (CIIC 264).
Tá cros bheag greanta ar an gcloch ogham seo 'ar bharr claonta na cloiche, ar an taobh contrártha leis an inscríbhinn'. Glaschloch, 1.33m x 0.33m x 0.23m (tiontaithe ó Macalister 1945, 260).
'Tá an tOgham siséalta i scóir bheaga mhaola, agus i ndea-bhail', suas (Macalister 1945, 260).
Sampla d'ainm Laidine, Amatus 'ionúin', ar inscríbhinn ogham Ghaeilge (McManus 1991, 113).
Cás féideartha don tuiseal ainmneach a úsáid in ionad an ghinidigh (McManus 1991, 117)
I reilig ag Aird Mhór ar bhalla íseal in aice le huaigh(Macalister 1945, 260) ag suíomh luath-eaglasta in Aird Mhór, baile fearainn Ard Ó Séasta agus barúntacht na nDéise sa Drom. (Comhordanáidí GPS -7.725973, 51.948556)
Anaithnid
Ar shuíomh ag Aird Mhór i gcúinne shaingeal na heaglaise os comhair na dara cloiche ogham ar an suíomh. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -7.725908, 51.948852)
D'fhionn an tUasal R. Chearnley é timpeall 1854 (Macalister 1945, 260).
Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/