Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/15._Clonmore
Eaglasta
Is suíomh luatheaglasta atá i gCluain Mór Áeda a bhaineann le Naomh M'Áedóc. Áirítear leis na hiarsmaí: reilig, 2 chros mhóra eibhir le rothaí soladacha, 19 gcloch le hinscríbhinn chroise, tobar beannaithe agus 2 chloch bhalláin (Brindley agus Kilfeather 1993, 54-5). Ní luaitear an chloch ogham, atá suite sa reilig in aice le huaigh W. Murphy, in Archaeolgical Inventory of Co. Carlow.
'Déanta d'eibhear is dócha', (0.78m x 0.30m x 0.22m). Luann Harbison (1991, 185) rianta 'beaga de chros chiorclaithe i rilíf ar an aghaidh thiar' ach é doléite ar an gcloch ná ar an múnla 3D. Seans go raibh an dara cloch Ogham ann, atá caillte anois, a luann Harbison chomh maith (1991, 185).
'Rianta laga de litriú Ogham ar an uillinn oirdheiscirt... an-chaite agus lán le léicean'. '[Tá an chéad dá bhuille de] R ar iarraidh de bharr an bhriste, agus tá an I briste agus is deacair é a aithint'. (Macalister 1945, 18). Tá sé deacair a bheith cinnte le radharc na súl go bhfuil aon inscríbhinn ann inniu. Ar an múnla 3D, is féidir rianta laga den ogham a fheiceáil. Rinne an Dr Thierry Daubos anailís ar na sonraí 3D ón tionscadal Protecting the Inscribed Stones of Ireland i nGaillimh chun an téacs a shoiléiriú (3D Analysis). Ar an drochuair, tá na scóir agus eangaí róchaite le bheith cinnte faoina bhfuil scríofa ann ach tá inscríbhinn ogham ann. Tá E Mcalister féideartha ach tá seans gur S atá san N agus seans gur consan, C b'fhéidir atá ina I deiridh, le scóir ar an taobh clé den lárlíne. Ina ainneoin sin, leantar léamh Macalister thíos ach níl sé le feiceáil a thuilleadh agus seans nach raibh an t-inscríbhinn chomh caite nuair a léigh seisean é.
Molann Macalister (1945, 18) go bhféadfadh a léamh, RENI, bheith ag deireadh ainm éigin, cosúil le MAQI-TRENI (cf. 86. Baile an Chnoic V agus sa Bhreatain Bheag: 341. Llywell agus 428. Cillgerran).
I reilig suíomh luatheaglasta i mbaile fearainn na Gléibe agus barúntacht Ráth Bhile (Brindley agus Kilfeather 1993, 54-5). (Comhordanáidí GPS -6.570066,52.827385)
Mar atá thuas?
Ar an suíomh. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -6.570066,52.827385)
Arna nótáil don chéad uair i 1940 ag Eddie McDonald (Harbison 1991, 185) le seans den dara cloch ogham atá caillte anois. Nótáilte, tarraingthe agus léite ag Macalister (1945, 18).
Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/