Ogham in 3D
English | Gaeilge
Téigh chuig inscríbhinn

CIIC 272. Drom Lócháin I, Contae Port Láirge

Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D Textured PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/272._Drumlohan_I


Tras-scríobh

MANU MAGUNO GATI MOCOI MACORBO

Aistriúchán

'de M. buachaill (Magounnos) de G. sleacht M.'

Tráchtaireacht

Maidir le MAGUNO, mhol Rhys (1899, 392) go bhféadfaí gur ginideach de Magunus atá ann (díorthach de agus mar a chéile leis an Laidin Magus).

Aimsítear an t-ainm treibhe/sleachta MACORBO in aice láimhe chomh maith ar CIIC 283. Garramillon agus CIIC. 28 Clárach an Teampaill, Co. Chill Chainnigh. Tá amhras faoi mholadh MacNeill 1931, 42) go raibh baint aige seo le Dál Maic-Cuirp, ceann de shleachta Déisi Muman, (McManus 1991, 111, 180 n.59).

Creative Commons License | Nuashonrú Deireanach: 2023-07-30