Ogham in 3D
English | Gaeilge
Téigh chuig inscríbhinn

CIIC 272. Drom Lócháin I, Contae Port Láirge

Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D Textured PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/272._Drumlohan_I


© COPYRIGHT, 2009 2013-04-24

Uimhir Thaifead na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta: WA024-033006-

Cineál an tSuímh

Uaimh thalún/Suíomh eaglasta

Cur síos

Suíomh

Uaimh thalún aimsithe nuair a baineadh bruach seachtrach thiar-thuaidh de shuíomh luatheaglasta. Úsáideadh deich gcloch ogham i dtógáil an tseomra dronuilleogaigh (Moore 1999, 151, 172-3) – cúig cinn mar lindéir, atá bainte anois agus curtha ina seasamh in aice leis an uaimh thalún, agus cúig cinn mar chlocha líneála do na taobhanna, atá fós ina n-áit.

Séadchomhartha

'An chéad lindéar, os cionn an iontráil'. Glaschloch, 1.52m x 0.20m x 0.20m (tiontaithe ó Macalister 1945, 268).

Téacs

'Inscríbhinn siséalta ar dhá uillinn (suas-síos) agus i ndea-bhail...Tá na scór thrasna beagnach (ach ní go baileach) ag dronuilleannacha leis an lárlíne. Blocáladh an dara scór trasna de dhearmad tar éis 3M, ach glanadh sé agus cuireadh marc guta ina ionad' (Macalister 1945, 268).

Tras-scríobh

MANU MAGUNO GATI MOCOI MACORBO

Aistriúchán

'de M. buachaill (Magounnos) de G. sleacht M.'

Tráchtaireacht

  • Maidir le MAGUNO, mhol Rhys (1899, 392) go bhféadfaí gur ginideach de Magunus atá ann (díorthach de agus mar a chéile leis an Laidin Magus).

  • Aimsítear an t-ainm treibhe/sleachta MACORBO in aice láimhe chomh maith ar CIIC 283. Garramillon agus CIIC. 28 Clárach an Teampaill, Co. Chill Chainnigh. Tá amhras faoi mholadh MacNeill 1931, 42) go raibh baint aige seo le Dál Maic-Cuirp, ceann de shleachta Déisi Muman, (McManus 1991, 111, 180 n.59).

Láithreacha

Aimsithe

Aimsithe mar lindéar os cionn bhealach isteach chuig uaimh thalún (Macalister 1945, 268) i mbaile fearainn de Dhrom Lócháin agus barúntacht na nDéise lasmuigh den Drom.

Bhunaidh

Anaithnid

Taifead Deiridh

Tógtha in aice le huaimh thalún ag suíomh Dhrom Lócháin. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -7.464478,52.163186)

Stair an Taifeadta

Aimsithe i 1867 ach níor léadh na hinscríbhinní ogham ina n-iomláine go dtí gur baineadh an uaimh thalún ó chéile i 1936 (Macalister 1945, 267).

Tagairtí

Suíomhanna Gréasáin agus Bunachair Shonraí ar Líne

Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn

Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie

Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/

Creative Commons License | Nuashonrú Deireanach: 2023-07-30