Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D Textured PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/274._Drumlohan_III
Uaimh thalún/Suíomh eaglasta
Uaimh thalún aimsithe nuair a baineadh bruach seachtrach thiar-thuaidh de shuíomh luatheaglasta. Úsáideadh deich gcloch ogham i dtógáil an tseomra dronuilleogaigh (Moore 1999, 151, 172-3) – cúig cinn mar lindéir, atá bainte anois agus curtha ina seasamh in aice leis an uaimh thalún, agus cúig cinn mar chlocha líneála do na taobhanna, atá fós ina n-áit.
'An cúigiú lindéar'. Glaschloch, 1.55m x 0.33m x 0.17m (tiontaithe ó Macalister 1945, 270).
'Inscríbhinn siséalta ar dhá uillinn (suas-síos). Tá barr na cloiche briste, agus leis tá lár an inscríbhinn imithe... Téann an scoilt díreach os cionn an tríú scór de litir ar thaobh B, tar éis 3I ag barr an imill deas, agus tríd an chéad scór den litir ag barr an taobh clé.' (Macalister 1945, 269-70).
Maidir le léamh Macalister [QE]TTEAS leis an QE-, cuir CIIC. 248 Bán an Ghleanna, Co. Chiarraí (...QET[IA?]S M[A?]Q TRENIL[U?...] agus CIIC. 311 Droim Conmhaoil, Co. Ard Mhacha (DINEGLO MAQI QETAIS) i gcomparáid (McManus 1991, 116).
Aimsithe gur úsáideadh mar chúigiú lindéar d'uaimh thalún é (Macalister 1945, 270) i mbaile fearainn de Dhrom Lócháin agus barúntacht na nDéise lasmuigh den Drom.
Anaithnid
Tógtha in aice le huaimh thalún ag suíomh Dhrom Lócháin. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -7.464478,52.163186)
Aimsithe i 1867 ach níor léadh na hinscríbhinní ogham ina n-iomláine go dtí gur baineadh an uaimh thalún ó chéile i 1936 (Macalister 1945, 267).
Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/