Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D Textured PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/279._Drumlohan_VIII
Uaimh thalún/Suíomh eaglasta
Uaimh thalún aimsithe nuair a baineadh bruach seachtrach thiar-thuaidh de shuíomh luatheaglasta. Úsáideadh deich gcloch ogham i dtógáil an tseomra dronuilleogaigh (Moore 1999, 151, 172-3) – cúig cinn mar lindéir, atá bainte anois agus curtha ina seasamh in aice leis an uaimh thalún, agus cúig cinn mar chlocha líneála do na taobhanna, atá fós ina n-áit.
'An cúigiú cloch líneála ar an taobh oirthir'. 'Bloc de chruth muileata de chomhcheirtleán', 1.07m x 0.46m x 0.24m (tiontaithe ó Macalister 1945, 275).
'Inscríbhinn gearrtha ar dhá uillinn (suas-síos); i ndea-bhail, seachas scoilt bheag ag an mbarr, a baineadh de le roinnt buillí athchóirithe go héasca... D'fhéadfadh pointí guta eile a bheith ann tar éis an O deiridh, áit a bhfuil scoilt eile ' (Macalister 1945, 275).
Ainm treibhe Dál Mo Dala? (McManus 1991, 111).
Athúsáidte mar chúigiú cloch líneála ar thaobh oirthir na huaimhe talún (Macalister 1945, 275) i mbaile fearainn de Dhrom Lócháin agus barúntacht na nDéise lasmuigh den Drom.
Anaithnid
Fós taobh istigh de shuíomh na huaimhe talún ag suíomh Dhrom Lócháin. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -7.464478,52.163186)
Aimsithe i 1867 ach níor léadh na hinscríbhinní ogham ina n-iomláine go dtí gur baineadh an uaimh thalún ó chéile i 1936 (Macalister 1945, 267).
Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/