Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D Textured PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/180._Emlagh_East
Suíomh Eaglasta Féideartha
Seanchas seanséipéil ag an trá agus fianaise i gcomhair reilige in aice láimhe. Tá an chloch ogham, ar a dtugtar ‘Cloch an tSagairt’ go háitiúil, 'luite anois ar bhonn coincréite' ar an trá ag an Trá Bheag in aice lena láthair bhunaidh (Cuppage et al, 255).
Greannchloch, 2.39m x 0.61m x 0.28m (tiontaithe ó Macalister 1945, 172)
'Tá cros air nár cuireadh leis níos déanaí, ach atá níos sine ná Ogham, mar go bhfuil an L2 in CALIACI giorraithe ionas nach rachaidh sé os a chionn' (Macalister 1945, 172). Ach, féidearthacht eile atá ann gur ghearr snoíodóir na croise isteach sa scór L ar an inscríbhinn ogham, a bhí ar an gcloch cheana. D’fhéadfaí a mhaíomh, dá mbeadh an chros níos luaithe, go ngiorródh an snoíodóir an dá scór ar an L seachas díreach an dara ceann.
'Bhí an inscríbhinn crosach agus cuimilte' (Macalister 1945, 172). Is é comhairle McManus (1991, 66) neamhaird 'a dhéanamh ar na litreacha tar éis CALIACI in Macalister' (CALIACI[AS] M[AQQI MUCOI...). Thug sé faoi deara chomh maith nach raibh na Ianna in CALIACI soiléir. Deimhníodh an léamh seo nuair a scrúdaíodh na sonraí 3D. Is ar éigin atá na cúig eangach den chéad I le feiceáil ar an múnla 3D mar aon le trí eangach den I deiridh.
Seo ceann de na hinscríbhinní a liostaíonn McManus (1991, 93-4) i measc na hinscríbhinní is luaithe sa chorpas nach bhfuil aon rian de mhothú guta orthu. Is féidir é a dhátú chuig céad leath, nó go luath sa dara leath, den chúigiú haois (McManus1991, 97).
Feictear an t-ainm BRUSCCOS (Laidinithe Bruscus, brosc? ‘toirneach’) chomh maith ar CIIC 63. Gleann an Mhuilinn I, Corcaigh (BRUSCO MAQI DOVALESCI) (McManus 1991, 106).
ina seasamh suas i bpáirc in aice le trá ag an Trá Bheag (Cuppage et al, 255) i mbaile fearainn Imleach Dhún Séann agus barúntacht Chorca Dhuibhne.
Anaithnid
Ar an suíomh ar an trá ag an Trá Bheag in aice leis an áit ar aimsíodh ar dtús é. Is féidir láthair reatha na cloiche seo a rochtain trí Amharcóir léarscáil na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -10.216285,52.131583)
'Ba é an chloch ogham seo an chéad cheann a taifeadadh sa tír seo. Tá cuntas air seo san áireamh sa nóta lámhscríbhinne le Edward Lywyd arna dhátú go dtí timpeall 1702-1707...Ag an am, bhí an chloch ina seasamh suas díreach i bpáirc in aice leis an trá ag an Trá Bheag. Faoi thús na 19ú haois bhí sí ina luí ar an gcladach in aice láimhe, nite ag an taoide ard...' (Cuppage et al, 255). Dar le Macalister (1945, 172-3), 'tugadh chuig Chute Hall é timpeall 1849 ach tugadh ar ais go luath é. Tá sé anois luite anois ar bhonn coincréite ar an gcladach in aice lena láthair bhunaidh'.
Tá an obair seo ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má dháiltear an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/