Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/32._Gowran
Eaglasta
Séipéal Naomh Muire ag deireadh an 13ú haois ar shuíomh mainistreach níos luaithe. Cuireadh an túr isteach idir an mheánlann agus an saingeal ag deireadh na meánaoise. Sa 19ú haois ionchorpraíodh an túr seo i séipéal an pharóiste a tógadh in áit an tsaingil arb ionann anois é agus leath den fhoirgneamh (heritageireland.ie).
Greanchloch, 1.50m x 0.38m x 0.30m (Tiontaithe ó Macalister 1945, 38). 'Cros mhór láidir, leagtha amach go cam, gearrtha ar bhonn bunaidh na haghaidhe inscríofa' (Macalister 1945, 38).
'Inscríbhinn gearrtha, ar dhá imeall (suas-suas) agus, ‘cé go bhfuil sé smiota in áiteanna, tá dea-bhail air ina iomláine'. Taifeadann Macalister go mion go 'bhfuil an dá imeall den chéad líne, IM agus IA, an Q ar fad seachas codanna Q125 agus 21345 smiota. Tá an dara MAQI ar bharr na cloiche, tá sé éadrom ach inaimsithe: tá an chéad dá litir smiota. Tá deireadh na dara líne scríbhneoireachta spallaithe ... Is ionann an chéad chúpla litir den líne seo agus ainm, DIMAQA (tá an dara A smiota) nach bhfuil baint ar bith aige le MAQ ná MAQI' (Macalister 1945, 38).
Ar an múnla scanta is ar éigin a fheictear cúig eangach (I de MAQI) roimh an E de ERACIAS agus b’fhéidir cuid den scór Q deiridh. Tá an chéad dá eangach den I tar éis an C in ERACIAS réasúnta soiléir. Chomh maith leis sin, cé nach bhfuil aon rian den MA a leanann é, is féidir cúig chuid de scór (Q) a fheiceáil ar bharr na cloiche, agus ina dhiaidh sin rianta an-éadroma de thrí cinn den chúig scór den I deiridh. Níl gutaí DIMAQA an-soiléir ach is féidir an C i MUCOI féideartha agus ar a laghad scór de ghuta amháin a dhéanamh amach.
i mbunchloch an tsaingil sa seanséipéal (Macalister 1945, 38) i mbaile fearainn Ghabhráin agus barúntacht Ghabhráin.
Anaithnid
Ar an suíomh sa saingeal atógtha. Is féidir teacht ar láthair reatha na cloiche seo trí amharcóir léarscáile poiblí na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -7.064665,52.629042)
'Thug G.V. du Noyer an inscríbhinn faoi deara ar dtús i 1849'. 'Aimsíodh i mbunchloch an tsaingil sa seanséipéal i nGabhrán é, nuair a atógadh mar shéipéal paróiste é. D’fhan sé sínte ar feadh tréimhse fada i bhfothrach na meánlainne' (Macalister 1945, 38).
Tá an obair ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn
Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie
Má athúsáidtear nó má sheachadtar an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/