Ogham in 3D
English | Gaeilge
Téigh chuig inscríbhinn

CIIC 51. An Cnoicín, Contae Chill Mhantáin

Íoslódáil Epidoc | 3D PDF | 3D OBJ | 🔗 URI https://ogham.celt.dias.ie/51._Knickeen


© Stephen McCullagh 2010-05-14
© Stephen McCullagh 2010-05-14
© Stephen McCullagh 2010-05-14

Uimhir Thaifead na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta: WI022-012----

Cineál an tSuímh

Neamhbhainteach

Cur síos

Suíomh

'Suite ar leibhéal na talún i bhforaoiseacht' (Grogan agus Kilfeather 1997, 35-6).

Séadchomhartha

'Monailit eibhir, níos caoile ag an mbun ná ag an mbarr (2.37m x 2.03m (barr)- 1.02m (bun) x 0.58m) le hais fhada ailínithe ó D-I' (Grogan agus Kilfeather 1997, 35-6). 'Píosaí ó chloch bhriste' (Macalister 1916, 230). Léirítear sa mhúnla 3D scoilteacha móra sa chloch atá faoi cheilt den chuid is mó ag an léicean agus ag uigeacht na cloiche.

Téacs

suas ar an imeall OT, pollta. 'Scóir leathana agus éadoimhne' (Macalister 1916, 231).

Tras-scríobh

MAQI NILI

Aistriúchán

'de mhac ?'

Tráchtaireacht

  • Cé go bhféadfaí bheith ag súil le litriú NELI (ainm. *Néll, Nua- Ghaeilge Níall) deimhníonn na sonraí 3D léamh Macalister NILI (1916, 231).

Láithreacha

Aimsithe

Ar thalamh réidh i bhforaoiseacht (a glanadh le déanaí timpeall ar an gcloch) i mbaile fearainn an Chnoicín, barúntacht Baile an Talbóidigh Uachtarach.

Bunleagan

Mar atá thuas?

Taifead deireanach

Ar an suíomh. Is féidir láthair reatha na cloiche seo a rochtain trí Amharcóir léarscáil na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie. (Comhordanáidí GPS -6.536631,52.995827)

Stair an Taifeadta

Inscríbhinn aitheanta ag Macalister ó shleamhnán i 1916. Marcáilte mar ‘The Long Stone’ ar léarscáil 6' na Suirbhéireachta Ordanáis.

Tagairtí

Suíomhanna Gréasáin agus Bunachair Shonraí ar Líne

Tá an obair seo ceadúnaithe faoi Cheadúnas Aitreabúideachta Neamhthráchtála ShareAlike 3.0 Creative Commons d'Éirinn

Cóipcheart (c) 2013 ag Scoil an Léinn Cheiltigh http://www.celt.dias.ie

Má athúsáidtear nó má dháiltear an obair seo, caithfear tagairt a dhéanamh do http://ogham.celt.dias.ie/

Creative Commons License | Nuashonrú Deireanach: 2023-07-30